Foilsíodh Moltaí an Chomhchoiste Oireachtais um Maoinú ar Sheirbhísí Uisce Tí sa Todhchaí an 12 Aibréan 2017. Is i mBéarla amháin atá siad ar fáil ar shuíomh idirlinn an Oireachtais - ach amháin Réamhrá an Chathaoirligh (An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh), a thugtar dúinn i nGaeilge chomh maith.
Seo m'achoimre shuibiachtúil ar a bhfuil sna moltaí úd:
1. Leanfaidh sheirbhisí is
bonneagar uisce in uinéireacht an stáit, mar atá
siad faoi láthair – cuirfear príobháidiú Uisce Éireann as an áireamh go
follasach sa mBunreacht. Faoin mBille um
an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Uisce faoi Úinéireacht Phoiblí)
(uimh. 2), 2016, leasófar Airteagal 28 den Bhunreacht. Cuirfear fo-alt nua seo isteach
i ndiaidh fho-alt 2 d’alt 4 den téacs Gaeilge:
“Beidh an Rialtas go léir le chéile
freagrach as an gcóras uisce poiblí a chosaint, a bhainistí agus a chothabháil.
Cuirfidh an Rialtas in áirithe, ar mhaithe le leas an phobail, gur faoi úinéireacht
phoiblí agus faoi bhainistí phoiblí a fhanfaidh an acmhainn sin”.
Chuaigh an leasú sin tríd an dara céim
sa Dáil gan easaontas roimh Nollaig agus cuireadh ar aghaidh é go dtí an
roghchoiste.
2. Ní ghearrfar
táillí a thuilleadh ar sheirbhísí uisce tí mar a bhí leagtha
amach san Acht um Sheirbhísí Uisce 2014. Maoineofar
an córas uisce tí trí chánachas ghinearálta, mar a tharlaítí roimh bhunú
Uisce Éireann. Ach ba chóir don Rialtas
a chinntiú go mbeidh méid leordhóthanch maoinithe curtha ar fáil go
fadtréimhseach – agus nach n-aistreofar aon airgead curtha i leataobh i treo ‘cúiseanna
maithe’ eile amach anseo, nach bhfuil aon bhaint acu le huisce.
3. Beidh ‘guth an phobal’ le chloisteáil go soléir maidir
le polasaithe náisiúnta uisce – trí curamí An Fhoraim Uisce
Poiblí ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh (CRF) a leathnú. Bunaíodh an Foram i 2014 mar chuid den Acht
um Sheirbhísí Uisce.
4. Beidh róil lárnacha ag na rialálaithe reatha CRF agus an
Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) faoi seach maidir le rialachán
costais agus caighdeáin chomhshaoil.
Ghlac an coiste leis an tuairim gur chóir srian a chur ar dhiomailt
thoiliúil uisce (wilful wastage). Moltar
monatóireacht a dhéanamh ar dhiomailt thoiliúil uisce. Déanfar é sin trí
mheádair uisce ceantair (district water meters) a úsáid, chomh maith le leis an “mbonneagar reatha”
(sin le rá, is dóigh, na méadair atá curtha isteach cheana féin), agus “nuatheicneolaíocht”
(ceamaraí slándála, meas tú!). Ba chóir
an chóras sin a athbhreithniú go rialta, ionas go rachaidh sé i ngleic i gceart
leis an dtruailliú comhshaoil. Beidh sé
mar aidhm ag an gcóras deireadh a chur le haon sceitheadh uisce agus aon
mhí-úsáid uisce a aimsiú, chun cloí le spriocanna na Chreat-treorach Uisce de
chuid an AE.[1]
Moltar chomh maith go mbéadh meánleibhéal caithimh uisce
socraithe ag an CRF. Moltar go socrófar leibhéal mí-úsáide ag leibhéal 1.7 uair
níos áirde ná an meánleibhéal sin – ach caithfidh an reachtaíocht aghaidh a
thabhairt ar imthosca urghnácha maolaitheacha: riochtaí sláinte, mar shampla, nó líon daoine
sa teaghlach atá os cionn an mheáin. Mheasann
an coiste go sheasann an meánleibhéal sin at 133 litear an duine in aghaidh an
lae faoi láthair, ach beidh sé sin le sonrú amach anseo. Sa ndréachtcháipéis bhí “fógra 6 mhí” luaite a
thabharfar do theaghlaigh, ina bhfuil baol ann go sárófar na tairsí úd,
chun seans a thabhairt doibh an scéal a réiteach nó chur isteach ar dhíolúine –
ach ní luaitear aon fholáireamh go sonrach sa tuairisc chríochnúil.
Molann an Chomhchiste go leasófaí Act um Sheirbhísí Uisce 2007
ionas go mbéadh sé in imhe déileáil le cur amú, ró-úsáid nó mí-úsáid thoiliúil
uisce (“wastage, excessive use or willful abuse of water”). Maidir le ró-úsáid (úsáid iomarcach
nó thar fóir) moltar cur chuige ina mbéadh dreasachtaí, tobhaigh
(“levies”) agus beartais eile in ann an chinntí go bhfuil Éire ag comhlíonadh a
dualgais ó thaobh treoracha uisce na hEorpa de.
5. Moltar
go gcuirfear béim faoi leith ar chaomhnú uisce – ní amhain maidir le cásanna
sceite uisce a dheisiú ach trí fheachtais le heolas a scaipeadh i measc an
phobail. Caithfidh an rialtas tabhairt
faoi céimeanna nua pleanála agus scéim dreasachtaí a chur ar bun chun caomhnú
uisce a spreagadh – go háirithe maidir le foirgnimh nua. Ba chóir an scéim ‘Do chéad deisiú saor in
aisce’ a fhágáil mar atá sé.
6. Ba
chóir caitheamh go cothrom le gach cineál úsaideoir uisce sa tír, idir teaghlaigh a
bhaineann úsáid as soláthar poilblí agus leo siúd a bhíonn ar
grúpscéimeanna soláthair uisce nó séarachais.
Ag cloí leis an mbéim ar chothromas, moltar go ndéanfar aisíocaíocht iomlán
nó lacáiste dóibh siud a d’ioc a gcuid taillí uisce tí cheana féin – ach go
gcoinneofar siar an Deontas Caomhnithe Uisce, má íocadh é.
7. Maidir
le méadrú: moltar don rialtas dreasachtaí a chur i bhfeidhm a spreagfadh daoine
méadair a chur isteach ina gcuid tithe ar a gconlan féin. Moltar bulc-mhéadrú seachas méadrú ar leith i
gcas bloc árasán. Moltar go n-úsáidfí na
Rialacháin Tógála mar bhunús reachtáiochta maidir le húsáid méadair sna foirgnimh
nua, agus sna foirgnimh siúd chomh maith in a bhfuil obair athchóirithe á
déanamh, a bhfuil cead pleanála iomlán ag teasteáil.
[1] Treoir 2000/60/CE – ‘Creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa
réimse a bhaineann le beartas uisce’