Monday, February 3, 2014

Chuir Coimisiún na hEorpa moill ar díolachán an chomhlachta soghluaiste Telefónicá O2 chuig Three Ireland.  

D’admhaigh Three Ireland inniu (03 Feabhra 2014) go chuir Coimisiún na hEorpa i gcoinne na bpleananna Three an comhlacht soghluaiste Telefónicá O2 Ireland a cheannach.   
  •         Tá an Coimisiún buartha faoi chumaisc agus éadálacha san earnáil mhóibíleach – pleananna “M&A” atá ar na bacáin ar fud na hEorpa – ach a laghdóidís líon na n-oibritheoirí líonraí móibíleacha ó 4 go dtí 3:  i gcás na hÉireann Vodafone (le ~40% de chustaiméirí soghluaiste) , Meteor/eircom (~20%) agus ‘Three nua’ (~40%), …
  •         …Rud a laghdódh rogha do thomhaltóirí agus a ísleodh leibhéil iomaíochta ar an margadh, dar leis an gCoimisiún – mura mbeidh coinníollacha áirithe curtha i gcrích ag Three,  chun an Coimisiún a shásamh.
I measc na gcoinníollacha atá tuartha sula mbeidh cead ag Three dul ar aghaidh leis an idirbheart sin:
  • Beidh deireadh leis an gcomhaontú idir Vodafone agus Three a gcuid líonraí a roinnt.  
·      Déanann oibreoirí soghluaiste ar fud an domhain sciar a gcuid líonraí a roinnt.  Éiríonn an cleachtas seo níos forleithne de réir a chéile.  
·      De ghnáth ciallaíonn sé sin go roinntear bonneagar ar nós crainn teileachumarsáide, nó fiú na línte tharchuir a théann ar ais chuig na lárionaid ina bhfuil na malartáin lonnaithe.   
·      Is ar mhaithe le hairgead a choigilt ar chaiteachas caipitiúil a dhéantar é seo – is féidir leis an dá chomhlacht praghsanna do thomhaltóirí a ísliú dá bharr.  
·      Ach – má roinntear eilimintí na líonraí – tá an baol ann nach mbeidh idirdhealú a thuilleadh idir chomhlacht amháin agus comhlacht eile ó thaobh clúdaigh,  cáilíochta na seirbhíse srl. 
  • Beidh deireadh le úinéireacht O2 (“Three nua”) sa chomhlacht Tesco Mobile. 
·      Comhfhiontar é Tesco Mobile idir O2 agus Tesco faoi láthair. 
·      Is “MVNO” é Tesco Mobile – Mobile Virtual Network Operator, s’é sin Oibreoir Líonra Fíorúil Soghlúaiste (OLFS). Tá an líonra soghluaiste Tesco Mobile “fíorúil”  sa chiall nach bhfuil líonra fisiciúil ag an gcomhlacht.  Baineann Tesco Mobile úsáid as an ‘bhfíor-líonra’ de chuid Telefónica O2 ina áit.  
·      Is dóichí go mbeidh sé de dhualgas ag Tesco amach anseo páirtnéireacht a chruthú le eircom/Meteor nó le Vodafone, seachas le Three/O2,  chun an Coimisiún a shásamh.
  • Beidh sé de dhualgas ag Three conradh OLFS a chomhaontú le chomhlacht teileachumarsáide chumhachtach eile…
·      …le UPC, mar shampla a bhfuil sciar mór den mhargadh leathanbhanda bainte amach dó féin cheana féin.
·      Bheadh UPC ar an bhfód sa mhargadh soghluaiste, mar cheathrú oibreoir láidir – ní bheadh an tomhaltóir Éireannach thíos leis an gcumasc Three agus O2 dá bharr.
·      De réir dealraimh tá mionphlé ar siúil le fada an lá idir UPC agus Three ar an ábhar sin.    Tá an margadh beagnach déanta.
  •  Beidh ar ‘Three Nua’ roinnt dá chuid sócmhainní speictrim a athdháil nó athdhíol chuig Vodafone agus eircom:
·      Ghlac Three agus O2 páirt faoi leith, mar chomhlachtaí neamhspleáigh, sa cheant a d’eagraigh an rialtóir teileachumarsáide ComReg ag deireadh 2012 le haghaidh minicíochtaí a bheadh feiliúnach do sheirbhísí ardluais soghluaiste “4G”.    
·      Cheannaigh an dá chomhlacht méid suntasach speictrim ar cheant.  Má chuirtear san aireamh na sócmhainní speictrim a bhí ag Three agus O2 roimhe, fágann sé sin go mbeadh i bhfád níos mó speictrim ag “Three nua” ná mar atá ag Vodafone nó Meteor/eircom.  Chiallodh sé sin go mbeadh buntáiste theicniúil ollmhór ag “Three nua” dá bharr – rud nach féidir le Vodafone, eircom, ComReg ná leis an gCoimisiún glacadh leis.
·      Beidh sé sách casta do ComReg teacht ar réiteach na ceiste seo.

Tá obair baile le déanamh anois ag Three chun moltaí leasaithe cuí a chur os comhair an Choimisiún, a dhéileálfaidh leis na saincheisteanna iomaíochta sin.   Déanfaidh an Coimisiún a chéad athbhreithniú eile ar 24 Aibreán.      Fiú ma ghlactar leis na leasaithe molta, chuile sheans nach mbeadh aon rud socraithe go dtí an samhradh ar a thúisce.